"FÁILTE"

WELCOME TO THE DÚN CHAOCHÁIN WEBSITE.

Please Click

"WELCOME TO THE IRISH PUBLICATIONS PAGE"



Picture

THE LIVING LANDSCAPE, Kilgalligan, Erris, Co Mayo
 
(Séamas Ó Catháin and Patrick O’ Flanagan, Comhairle Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, 1975)
 
The Irish-speaking townland of Kilgalligan situated on the northwest coast of County Mayo covers only 852 acres. Nevertheless, upwards of 800 placenames are to be found there.  These have been collected in the field and are presented here together with English translations and phonetic renderings.  The authors have combined the methods and approaches of their respective disciplines in order to show the cultural and socio-economic significance of the placenames, thus giving an understanding of the factors involved in their creation, the people who made them and the purposes they serve.  In bringing together the placenames and folklore of a specific area, the book aims at providing an analysis of life in a west of Ireland townland which has much in common with many other isolated communities around the Atlantic fringe of Europe.
The authors are Seamas Ó Catháin former Professor at the Dept of Irish Folklore, University College Dublin and Patrick O' Flanagan, former lecturer in Geography at University College Cork.





Picture

SCÉALTA CHOIS CLADAIGH, STORIES OF SEA AND SHORE (book and cassette)
 
(Séamas Ó Catháin, Roinn Bhéaloideas Éireann, 1983)   
 
Scéalta chois cladaigh dá n-inseacht ag Seán Ó hInnéirighe (go ndéana Dia trócaire air) as Cill Ghallagáin in iar-thuaisceart Mhaigh Eo. Bailithe, aistrithe agus curtha i dtoll a chéile ag Séamas Ó Catháin.





Picture

A MHUINTIR DHÚ CHAOCHÁIN, LABHRAÍGÍ FEASTA!
 
(Séamas Ó Catháin agus Caitlín Uí Sheighin, Cló Chonamara, 1987 Cóipcheart Roinn Bhéaloideas Éireann)
Sa bhliain 1937 cuireadh tús le scéim chun daltaí bunscoile a chur ag bailiú béaloidis.  Scéim na Scol a tugadh uirthi, agus d’éirigh chomh maith léi go raibh níos mó ná leathmhilliún leathanach béaloidis scríofa agus curtha i dtaisce i gcartlann Choimisiún Béaloideasa Éireann taobh istigh d’ocht mí dhéag.  Ar na scoileanna a ghlac páirt san obair bhí Scoil Náisiúnta Cheathrú Thaidhg, agus is uaithi sin a tháinig ceann de na bailiúcháin ab fhearr béaloidis a tiomsíodh le linn Scéim na Scol.  I gcnuasach na ndaltaí tá idir sheanscéalta, fhinscéalta, amhráin, phaidreacha, sheanfhocail, tomhaiseanna, cur síos ar chomharthaí aimsire, ar leigheasanna, ar phisreoga, ar nósanna a muintire, ar a saol agus ar a dtimpeallacht.





Picture

LE GRADAM IS LE SPRAOI
 
(Séamas Ó Catháin agus Caitlín Uí Sheighin, Cló Iar Chonnachta, 1996 Cóipcheart Roinn Bhéaloideas Éireann)
Cnuasach béaloidis ó thrí Scoil Náisiúnta i nGaeltacht Iorrais i gCondae Mhaigh Eo - Port Durlainne, Ros Dumhach agus Gleann na Muaidhe - a bailíodh faoi Scéim na Scol 1937-1938.  I gcnuasach na ndaltaí tá idir sheanscéalta, fhinscéalta, amhráin, phaidreacha, sheanfhocail, tomhaiseanna, cur síos ar chomharthaí aimsire, ar leigheasanna, ar áitainmneacha, ar cheardanna, ar phisreoga, ar nósanna a muintire, ar a saol agus ar a dtimpeallacht.  Seo é an dara tiomsú ó Ghaeltacht Iorrais atá curtha in eagar ag Séamas Ó Catháin agus Caitlín Uí Sheighin.



Picture

THE DÚN CHAOCHÁIN CD ROM
 
(Uinsíonn Mac Graith agus Treasa Ní Ghearraigh, Comhar Dún Chaocháin Teo, 2001)
 
Dlúthdhiosca eiseamláire a thugann léargas, tríd na logainmneacha, ar oidhreacht Dhun Chaocháin, ceantar Gaeltachta i dtuaisceart Chondae Mhaigh Eo.  Tá 1,500 logainm curtha ar mhapa (le miniú agus cuir síos beacht, fuaimeanna, agus griangrafanna leo) chomh maith le scéalta agus amhráin.  Áis eolais foghlama agus taighde atá ann don phobal is leithne. 
 
“Tá súil agam go n-aithneofar an tábhacht a bhaineann leis an dlúthdhiosca seo mar bhealach le heolas a chur ar fáil ar an oidhreacht áitiúil agus leis an oidhreacht sin a chaomhnú.” (Cathal G. Ó Háinle, Ollamh na Gaeilge, Scoil na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, BAC)
 
“Saothar eiseamláireach atá anseo le taispeáint do mhic léinn an dóigh is fearr chun na heilimintí is arsa agus nuaí inár gcultúr a phósadh.  Is áis iontach an dlúthdhiosca seo don phobal is leithne idir lucht acadúil, lucht turasóireachta, agus iad súil a bhfuil suim acu san iliomad gnéithe de theanga agus de chultúr na hÉireann.” (Caitríona Hastings, An Staidéar Oidhreachta, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo)





Picture

LOGAINMNEACHA AGUS OIDHREACHT DHÚN CHAOCHÁIN i mBarúntacht Iorrais, Condae Mhaigh Eo – THE PLACENAMES AND HERITAGE OF DÚN CHAOCHÁIN in the Barony of Erris, County Mayo
 
(Uinsíonn Mac Graith agus Treasa Ní Ghearraigh, Comhar Dún Chaocháin Teo, 2004)
 
Déanann an leabhar cuir síos ar an saibhreas béaloidis agus oidhreachta atá le fáil i nGaeltacht Dhún Chaocháin i gCondae Mhaigh Eo.  Tá 1,500 logainm Gaeilge breactha síos ar mhapaí a thugann léargas dúinn ar shaol na ndaoine a mhair is a mhaireann sa dúiche ársa seo.  Déantar cur síos ar ghnéithe talmhaíochta (an córas rondála, an bhuaile, sean-iomairí, na fataí, ag spealadóireacht agus ag sábháil féir, an grán, an áith aoil), an teach traidisiúnta tuí, an portach, ag baint na móna, cúrsaí iascaireachta agus ceirdeanna dúchasacha (gréasaí, gabha, cúipéir, táilliúir).  Tobar fíoruisce, bailiúchán saibhir luachmhar atá le fáil ag an glúin reatha agus atá caomhnaithe do na glúnta atá le teacht.       
 
Agus é ag seoladh an leabhair san RDS i mí Eanair 2005 dúirt An t-Aire Uí Chúiv "Má tá muid chun an ghné thábhachtach seo dár ndúchas a chaomhnú tá sé práinneach go ndéanfaimis na mionlogainmneacha a bhailiú, a thaifeadadh agus a mhapáil go cruinn anois, agus na torthaí a chur i láthair an phobail.  Is léir go bhfuil sin déanta i gcás cheantar stairiúil Dhún Chaocháin ag na daoine a chuir an saothar álainn seo le chéile.





Picture

TREOIRLEABHAR DO PHARÓISTE CHILL CHOMÁIN in IAR-THUAISCEART CHONDAE MHAIGH EO - A GUIDE TO THE PARISH OF KILCOMMON in NORTH-WEST COUNTY MAYO
 
(Treasa Ní Ghearraigh, Comhar Dún Chaocháin Teo agus Coiste Ghlór na nGael Ceathrú Thaidhg, 2007)
 
Foilseachán ildaite, dhá-theangach a chuireann eolas ar fáil do chuairteoirí, nó daoine atá ag bogadh isteach sa gceantar ó áiteanna eile, ar na seirbhísí agus na himeachtaí atá le fáil i bparóiste Chill Chomáin.  Ina measc tá ionad seirbhísí teanga, lóistín, siúlóidí, saol na mara, slatiascaireacht, tránna, éaneolaíocht, seandalaíocht, conair dealbhóireachta, conair oidhreachta Turas na Gaeltachta, seirbhísí réamhscoile, imeachtaí óige, seirbhísí aosach, taisteal, oideachas, oiliúnt, seirbhísí sláinte, ionaid poiblí, séipéil, áiseanna spóirt, siopaí grósaera agus oifigí poist, tithe tabhairne agus seirbhísí athchúrsála.





Picture

TEAMPALL CHILL GHALLAGÁIN i bParóiste Chill Chomáin, Condae Mhaigh Eo - CILL GHALLAGÁIN GRAVEYARD in the parish of Kilcommon, County Mayo
 
(Treasa Ní Ghearraigh agus Uinsíonn Mac Graith, Comhar Dún Chaocháin Teo, 2009)
 
An Teampall, ceann de chúig reilig i bparóiste Chill Chomáin, suite i mbaile fearainn Chill Ghallagáin agus tá daoine ag baint úsáid as mar theampall leis na céadta bliain.  Tá na huaigheanna is luaithe, atá marcáilte le clocha simplí, suite air agus thart ar an ardán sa gcúinne thoir thuaidh.   De réir an tseanchais is anseo a bhí cill ag Naomh Ghallagáin, naomh-phatrún an cheantair.  Is é cuspóir an fhoilseacháin seo ná oidhreacht an teampaill, a shíneann ó luath sa Tréimhse Críostaí síos go dtí an lá atá inniú ann, a chaomnú.  Cuirtear plean ar fáil sa gcaoi is gur féidir le daoine uaigheanna a muintir a aimsiú go réidh agus déantar cur síos ar sonraí scríofa na gclocha cinn.





Picture

GLAOIM ORAIBH MO CHAIRDE - I CALL YOU FRIENDS
 
(Fr. Eddie Rogan i gcomhar le Comhar Dún Chaocháin Teo agus Coiste Ghlór na nGael Ceathrú Thaidhg, A Saint Patrick Publication, Inver 2010)
 
Treoirleabhair dhá-theangach atá mar áis tagartha do fhreastalaithe altóra a dhéanann, agus a dhéanfaidh, freastal ar an Aifreann i bparóiste Chill Chomáin.  Clúdaitear ábhar a bhaineann le saol na heaglaise – stair na Críostaíochta sa pharóiste, ról agus dualgaisí an fhreastalaí altóra, paidreacha Gaeilge, beannachtaí, an tAifreann, féilte na bliana, mion-theagasc Críostaí, téarmaíocht &rl.





Picture

SEAN TEAMPALL CHILL CHOMÁIN i bPoll a’ tSómais, Condae Mhaigh Eo – CILL CHOMÁIN OLD GRAVEYARD, Poll a’ tSómais, County Mayo
 
(Treasa Ní Ghearraigh agus Uinsíonn Mac Graith, Comhar Dún Chaocháin Teo, 2011)
 
Seanteampall Chill Chomáin, ceann de chúig reilig i bparóiste Chill Chomáin, suite i mbaile fearainn Poll a’ tSómais agus tá daoine ag baint úsáid as mar theampall leis na céadta bliain.  Is éacute; cuspóir an fhoilseacháin seo ná oidhreacht an teampaill, a shíneann ó luath sa Tréimhse Críostaí síos go dtí an lá atá inniú ann, a chaomnú.  Cuirtear plean ar fáil sa gcaoi is gur féidir le daoine uaigheanna a muintir a aimsiú go réidh agus déantar cur síos ar sonraí scríofa na gclocha cinn.





Picture

THE NEW CHURCH, BUILDING, PEOPLE & PRIESTS
 
(Fr Eddie Rogan, Pádraig Corcoran Publishing, 2012)
I 2012 bhí sé céad bliain ó leagadh síos bunchloch Réalt na Mara - Teach a’ Phobail an Chorráin Bhuí.  In omós na hócáide scríobh an t-Athair Eddie Rogan leabhar fíor-chuimsitheach a dhéanann cur síos ar stair an fhoirgnimh, ar mhuintir na háite agus ar na sagairt a d’freastal ann.





Picture

TREOIR AR NA LOGAINMNEACHA GAEILGE AR SHIÚLÓIDÍ CHEATHRÚ THAIDHG IN IAR-THUAISCEART CHONDAE MHAIGH EO – A GUIDE TO THE IRISH PLACENAMES ON THE CEATHRÚ THAIDHG WALKS IN NORTH-WEST COUNTY MAYO
 
(Uinsíonn Mac Graith, Comhar Dún Chaocháin Teo, 2013)
 
Is í aidhm an fhoilseacháin ‘Treoir ar na Logainmneacha Gaeilge ar Shiúlóidí Cheathrú Thaidhg – A Guide to the Irish Placenames on the Ceathrú Thaidhg Walks’ ná léargas a thabhairt ar an tírdhreach fisiciúil agus daonna.  Is furasta do phobal Dhún Chaocháin an timpeallacht a thuiscint, mar maireann siad i dtírdhreach atá breacaithe le ainmneacha Gaeilge, a thugann míniú do na gnéithe tíre agus ionad dóibh i saol an phobail.  Tá ainm ar bheagnach chuile ghoilín, uaigh, bhoilg, charraig, chnoc, cheann tíre, pháirc, fiodán agus araile agus tugann siad léargas ar shlí bheatha agus ar nósmhaireacht an phobail san am a caitheadh.  Sa leabhrán seo, tá na logainmneacha breactha ar ghrianghraif daite a chuidíonn leis an léitheoir iad a aithint ar an talamh.





Picture

TREOIRLEABHAR DO MHAPA LOGAINMNEACHA CHILL CHOMÁIN IN IAR-THUAISCEART CHONDAE MHAIGH EO - A GUIDE TO THE PLACENAME MAP OF CILL CHOMÁIN IN NORTH-WEST COUNTY MAYO
 
(Uinsíonn Mac Graith, 2014)
 
Is furasta do phobal Chill Chomáin an timpeallacht a thuiscint, mar maireann siad i dtírdhreach atá breacaithe le ainmneacha Gaeilge, a thugann míniú do na gnéithe tíre agus ionad dóibh i saol an phobail.  Tá ainm ar bheagnach chuile ghoilín, uaigh, bhoilg, charraig, chnoc, cheann tíre, pháirc, fiodán agus araile agus tugann siad léargas ar shlí bheatha agus ar nósmhaireacht an phobail san am a caitheadh. 
 
Faoi scéim fostaíochta pobail Ghlór na nGael i 1996 a thosaigh Uinsíonn Mac Graith ag déanamh bunobair ar thionscnamh bailiúcháin logainmneacha Dhún Chaocháin.  Ina dhiaidh sin thacaigh Údarás na Gaeltachta agus An Comhairle Oidhreachta leis an dtionscnamh agus bailíodh agus mapáileadh os cionn 1,500 logainm áitiúil, atá foilsithe sa leabhar Logainmneacha agus Oidhreacht Dhún Chaocháin (2004) agus ar Dhlúthdhiosca Dhún Chaocháin (2001). Is í aidhm an fhoilseacháin seo ná cuid de na logainmneacha sin, maraon le logainmneacha ó pharóiste Chill Chomáin agus Béal Deirg, a chur ar aon mhapa amháin.





Picture

DORDÁN DÚLRA – An Introduction to the Natural Landscape of Cill Chomáin in the Barony of Erris, County Mayo
 
(Séamus Ó Mongáin agus Treasa Ní Ghearraigh, Comhar Dún Chaocháin Teo, 2015)
 
Tugann an leabhar ildaite ‘Dordán Dúlra’ léargas don léitheoir ar na gnáthóga éagsúla atá le fáil i bparóiste Chill Chomáin agus ar na plandaí agus ainmhithe a mhaireann iontu.  Cuireann na híomhánna, a tharraing daltaí scoile Cheathrú Thaidhg ar an timpeallacht agus ar an dúlra, go mór le áilleacht an leabhair.





Picture

BHAR EILE
 
CÉAD MOLADH DON TRÍONÓID
 
(Cór Cheathrú Thaidhg, 2006)
 
Bailiúchán de cheithre iomann déag atá sa dhlúthdhiosca seo atá curtha le chéile go fíor snasta.  “Iad siúd a bhfuil sé d’áth orthu eolas agus aithne a bheith acu ar cheantar álainn Dhú Caocháin in Iorras agus ar na daoine dóighiúla a bhfuil cónaí orthu ann, cuirfidh an díolaim seo de ghlórthaí cinn agus de cheol Chór Cheathrú Thaidhg gliondar ar a gcroí.  Is méanar don phobal áitiúil a mbíonn se de phribhléid aige an tAifreann a éisteacht ó Dhomhnach go Domhnach i Séipéal Mhuire Gan Smál i gcomhluadar an chóir seo.  Is breá amach an deis a thugann eisiúint an dlúthdhiosca seo anois don saol mór blaiseadh den dúchas ceolmhar creidimh seo agus rannpháirtíocht ionadach a ghlacadh ann.” (Séamas Ó Catháin, Coláiste na hOllscoile BÁC)





Picture

AN MAINSÉAR
 
(Cór Cheathrú Thaidhg, 2007)
 
Seo é an dara dhlúthdhiosca d’iomann ó Chór Cheathrú Thaidhg.  Bailiúchán de cheithre iomann déag na Nollag atá sa dhlúthdhiosca seo atá curtha le chéile go fíor snasta.





Picture

CHEARTLÁR MO CHROÍ – SPRING IN THE AIR
 
(Vincent Mc Grath (Accordian) 2007)
 
Seo é an chéad dhlúthdhiosca le bailiúchán poirt ó bhosca ceoil Vincent Mc Grath.  Nuair a d’éirigh Vincent as a phost mar mhúinteoir, shocraigh sé i Ros Dumhach, a bhaile dhúchais.  Tugtar aitheantas agus ómós do traidisiún cheoil agus damhsa a mhuintir - “cloch amháin eile ar leacht a shinsear”.







© 2019 Comhar Dún Chaocháin Teo. All Rights Reserved.